English Gaeilge
 

Cuir Ticéid in Áirithe

Turais Fhéintreoraithe

Tar I dteagmháil linn mura bhfuil tú in ann teacht agus beimid in ann do thicéad a roinnt le duine eile. Má tá níos mó ná áirithint amháin déanta ní cheadófar iontráil de réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

Thart ar 40 nóiméad a thógann an chuairt fhéintreoraithe. Tá amanna leagtha síos againn do chuairteoirí agus tá cuóta daoine in aghaidh na huaire i bhfeidhm chun líon na gcuairteoirí a dháileadh go sábháilte i rith an lae.

Is féidir áirithintí ar líne a dhéanamh suas le 15 lá roimh ré. Ar mhaithe le sábháilteacht, ní féidir linn cuairteanna grúpa a cheadú. Diúltófar cead isteach d’aon ghrúpaí a cheannaíonn ticéid ar líne.

Ní bheidh ticéid a cheannaítear ó shuíomhanna eile – lena n‑áirítear ardáin athdhíola ticéadaithe – ní bheidh na ticéid sin bailí agus ní bheidh cead isteach ag daoine a bhfuil na ticéid sin acu.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi thicéid ar líne nó faoi áirithintí grúpa, seol ríomhphost chuig dublincastle@opw.ie

Cuir in áirithe anois

Turais Threoraithe

Tógann na Turais Threoraithe thart ar 70 nóiméad agus tá cuairt ar na Seomraí Stáit, an Tochailt Lochlannach agus an Séipéal Ríoga san áireamh.

Tar I dteagmháil linn mura bhfuil tú in ann teacht agus beimid in ann do thicéad a roinnt le duine eile.

Tá amanna leagtha síos againn do chuairteoirí agus tá cuóta daoine in aghaidh na huaire i bhfeidhm chun líon na gcuairteoirí a dháileadh go sábháilte i rith an lae.

Ní bheidh ticéid a cheannaítear ó shuíomhanna eile – lena n‑áirítear ardáin athdhíola ticéadaithe – ní bheidh na ticéid sin bailí agus ní bheidh cead isteach ag daoine a bhfuil na ticéid sin acu.

Is féidir áirithintí ar líne a dhéanamh suas le 15 lá roimh ré.

Is le haghaidh daoine aonair amháin an áis áirithinte seo agus ní féidir ach uasmhéid 10 dticéad a cheannach ar líne.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi thicéid ar líne nó faoi áirithintí grúpa, seol ríomhphost chuig dublincastle@opw.ie

Ní bhfaighidh ach grúpaí a bhfuil áirithint ríomhphoist deimhnithe acu iontráil.

Cuir in áirithe anois